Competitions

Comórtas Náisiúnta 2025

Tá 15 amhrán nua agus na moltóirí ainmnithe do Chomórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach 2025

GEARRLIOSTA 2025 AR FÁIL ANSEO

Beidh an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nuachumtha Pan Cheilteach 2025 ar siúl san Amharclann GB Shaw/Ionad Ealaíne VISUAL, Ceatharlach oíche Dé Sathairn, 25 Eanair ag 20:00.  

As breis agus 30 iarratas san iomlán a cuireadh isteach don chomórtas i mbliana, tá 15 sár amhrán roghnaithe le bheith páirteach sa chraobh bheo. Ar na hamhráin ar an ngearrliosta tá cinn ó cheann ceann na tire ó Chonamara, Gaillimh, Dún na nGall, Baile Átha Cliath, an Clár agus Maigh Eo, Ceatharlach, Loch Garman agus Cill Chainnigh. (Tá liosta na 15 amhrán ar fáil ANSEO).

Cuirfear na hamhráin i láthair beo ar stáitse os comhair triúr mholtóirí agus lucht féachana. Is iad na moltóirí i mbliana ná an t-amhránaí agus cumadóir John Spillane, láithreoir leis an raidió Kclr96fm Shannon Redmond agus an pearsa teilifíse agus láithreoir le Today FM Louise Cantillon. Measfar na hamhráin ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an cur i láthair.

Amhail blianta eile, beidh an ceoltóir Ollie Hennessy ina stiúrthóir ceoil ar an gcomórtas. Osclófar na doirse ag 19:00 agus cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ag 20:00. Beidh fáilte roimh chách. Is féidir ticéid ar €15 a chur in áirithe anois ag boxoffice@visualcarlow.ie nó 059 9172400 agus is féidir íoc ag an doras ar an oíche chomh maith.

Pan Cheilteach Cheatharlach atá ag reachtáil an chomórtais i gcomhar le Comhairle Contae Ceatharlach agus le tacaíocht ó IMRO, Gael Linn, Foras na Gaeilge, An tOireachtas agus Glór Cheatharlach. Bronnfar trí dhuais ar an oíche:
An Chéad Áit: €1,000 agus trófaí náisiúnta
An Dara hÁit: €200 
An Tríú hÁit: €100 don cheann sa dara háit.

Rachaidh an t-amhrán a thagann sa chéad áit ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2025 a bheidh ar siúl i gCeatharlach um Cháisc. Is ansin a bheidh an t-amhrán buacach san iomaíocht leis na hamhráin náisiúnta nuachumtha eile roghnaithe ag Alba, Breizh, Cymru, Kernow agus Mannin agus iad go léir ag súil le trófaí idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2025 agus príomhdhuais na féile €1,500 a thabhairt leo.  

TUILLEADH EOLAIS
Bríde de Róiste | 087 2857048
Emma Whitmore | 085 1340047
Ríomhphostpancelticcarlow@gmail.com